YouTube sa seomra ranga

Is aoibheann liom YouTube! Tá gach rud ann, maith agus olc. Dúinne, mar mhúinteoirí, tá an t-uafás ann do ghach aon ábhar faoin spéir. Tá an méid san ann, agus an méid san á cur suas ann an t-am ar fad…… (http://www.youtube.com/watch?v=sHPfc6whaSk)



In ana-chuid scoileanna tá cosc air, agus is mór an trua é seo. Má tá tú buartha faoi YouTube a chur ar siúl os comhar an ranga ar an teilgeoir, seo cupla rud go bhfeadfá déanamh chun d’aigne a chur i suaimhneas

  • Safety Mode. Ag bun leathanach YouTube, tá an rogha agat Safety Mode a chur ar siúl agus ní fheicfidh tú físeáin mí-oiriúnacha
  • YouTubeXL. Is leagan den suíomh é seo do scaileáin móra atá úsáideach dúinn sa seomra ranga toisc nach bhfuil le feiceáil ach na físeáin, gan coimintí 7rl. http://www.youtube.com/xl
  • CleanVideoSearch. Is maith liom an suíomh seo toisc go glanann sé gach rud ón scaileán ach amháin an físeán atá uait. http://www.cleanvideosearch.com/

Mar a dúras ag an tús, is brea liom YouTube, bainim ana-úsáid as im’chuid múinteoireacht. Is fiú roinnt ama a chaitheamh ann ag cuardach d’ábhar agus ag féachaint tríd cuid de na físeáin. Bailigh le chéile na cinn a bhainfeá úsáid astu (Bookmarks / Favourites 7rl.) Tá roinnt físeáin curtha suas agam féin – meascán de ghach rud atá ann!  http://www.youtube.com/user/padraigodubhaigh/videos?view=0

This entry was posted in All categories, TFC san Oideachas and tagged , , . Bookmark the permalink.

Leave a Reply