Google Teacher Academy

Bhí an t-ádh liom le déanaí cuireadh a fháil chun freastal ar an “Google Teacher Academy” i Londain! Cad é, a deireann tú? Bhuel, bhí 50 múinteoir ann ó 13 tír difriúil (3 ón tír seo) agus bronnadh teastais orainn as na éachtaí atá déanta againn chun oideachas a fheabhsú inár scoileanna & tíortha, trí earraí Google a úsáid. 

Chomh maith leis seo, bhí lá fada de ceardlanna & cainteanna,  curtha i láthair ag saineolaithe ó Google agus ag múinteoirí den scoth. D’fhoghlaimíomar faoi slithe nua chun Maps / Gmail / Docs / Search / Sites / YouTube / Calendar / Google Plus / Google Art Project / SketchUp  agus lán lán eile a úsáid. Táim ag smaoineamh ar shlithe chun an eolas nua seo a scaipeadh do mhúinteoirí na tíre, do mo chomh-mhúinteoirí agus do mo dhaltaí sna míonna agus blianta atá ag teacht!

Má tá suim agat tuilleadh eolais faoi seo, féach ar an leathanach seo http://www.google.com/educators/gta.html nó d’fhéadfá cuntaisí a léamh ó mhúinteoirí eile a bhí ann (agus atá i bhfad níos cumasaí ag scríobh ná mise!!!)

This entry was posted in All categories, Google Apps, TFC san Oideachas and tagged , , . Bookmark the permalink.

Leave a Reply