Deireadh le www.padraigodubhaigh.com…

Ó inniú, tar éis nach mór trí bliana, ní bheidh www.padraigodubhaigh.com ar fáil a thuilleadh. Éinne agaibh a raibh cúntas agaibh ar an suíomh sin – beidh cuntaisí nua curtha ar fáil daoibh don suíomh seo. Tá na podchraolta / amhráin etc aistrithe go dtí an leathanach cuí anseo.
“Cén fáth?”, a deireann tú? Bhuel, tá dhá fáth leis, i ndáirire. Ar dtús, bhí an URL ró-fhada (sé sin an “ainm” ar an suíomh)! Ach an príomh-fáth ná go raibh an sean-suíomh bunaithe ar chóras bainistíochta inneachair (Content Management System) darbh ainm Website Baker. Bhí an córas seo go breá ar dtús, ach tar éis tamaill bhraitheas go raibh sé teoranta, agus deacair le laimhseáil ó thaobh úsaideoirí, cruth agus inneachar. Chomh maith leis sin, ní rabhas riamh in ann síneadh fad nó accents a úsáid leis, rud nach ndéanann ciall nuair atá 90% den scribhneoireacht i nGaolainn nó en français.
Tá an suíomh nua seo bunaithe ar WordPress. Cinnte, táim fós ag foghlaim conas é a úsáid i gceart, ach cím go bhfuil ana-chuid feidireachtaí. Tá na mílte breiseáin, nó “plugins” ar fáil, ar nós an “scamall topaicí” ar chlé a dhéanann an suíomh níos tarraingteach, tá súil agam! Tá súil agam chomh maith go mbeidh sé níos fuiriste do chuarteoirí ábhar a fháil anseo, agus dár ndóigh, go mbeidh sé níos úsáidí duitse, an dalta, mar thacaíocht foghlama lasmuigh den seomra ranga.
Tar chugam agus labhair liom má tá suim agat do shuíomh nó blog féin a bhunú – níl sé deacair nó costasach :-)

This entry was posted in All categories, TFC san Oideachas and tagged , . Bookmark the permalink.

Leave a Reply