YouTube

Tá samplaí de roinnt físeáin atá taifeadta ag Micheál O Deargáin agus mé féin le feiceáil thíos, nó ar na leathanaigh YouTube anseo agus anseo. Dar ndóigh, tá i bhfad níos mó againn sa bhaile, agus tá cartlann físe ag Micheál ag dul siar  breis is 40 bliain. Chomh maith leis sin, tá a lán imeachtaí craolta beo againn tríd Ustream.

Is obair deonach é formhór den obair físe a dhéanaimid mar taitníonn sé linn agus mar tá suim againn imeachtaí spéisiúla a chur ar fáil don phobal áitiúl agus dóibh siúd nach féidir freastal orthu. Tá fáilte romhat dul i dteagmháil linn má tá suim agat fís ar leith a fheiceáil, nó má tá ócáid ag teacht anuas.

 

Leave a Reply